Tógann an tsraith seo ar an chlár Fónaic na Gaeilge. Is clár é seo ina bhfuil ábhair ar leith dírithe ar gach bliainghrúpa sa bhunscoil agus tógtar ar an eolas ó bhliain go bliain. Tá liosta focal seachtainiúla ann chomh maith le sleachta léitheoireachta dírithe ar fhuaim ar leith, gníomhaíochtaí laethúla, measúnú seachtainiúl agus deireadh thréimhse chomh maith le nótaí múinteora.