Díríonn an clár seo ar fhuaimeanna na Gaeilge ar bhealach céimneach ag tosú leis an eolas is bunúsaí le leagan amháin do gach fuaim agus ansin ag amharc ar na leaganacha éagsúla d'fhuaimeanna i gcóras scríofa na Gaeilge. Clúdaítear gach fuaim taobh istigh de shé chéim chomh maith le cleachtaithe, gníomhaíochtaí, measúnú agus banc focal.