Peer-Reviewed Journal Details
Mandatory Fields
Ní Mhuircheartaigh, Éadaoin
2018
Unknown
COMHARTaighde
'Allagar an ardáin: taibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha'
Published
()
Optional Fields
4
Déantar iniúchadh san alt seo ar an allagar i dtaibhealaíona Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha. Is de nádúr na béalaireachta an dúil sa choimhlint, dar le Ong (1989) agus Huizinga (1980). Fiosraítear anseo an dúil san iomaíocht chainte i dtraidisiún béil na Gaeilge agus pléitear a cuid tréithe mar a fheictear san agallamh beirte iad. Déantar plé ar agallaimh bheirte Johnny agus pléitear na contrárthachtaí agus na céilí comhraic a chuirtear os ár gcomhair sna haighnis fhileata sin. Chuirtí na hagallaimh seo i láthair ag Ollchruinnithe de chuid Scoileanna Éigse agus Seanchais na Gaillimhe, agus is féidir éisteacht leis na taifeadtaí sin anseo d’fhonn léargas breise a fháil ar na hagallaimh mar ealaín bheo, ina comhthéacs ceart sóisialta féin. Déantar anailís freisin ar anáil na béalaireachta ar dhrámaí stáitse Johnny Chóil Mhaidhc, ag díriú go speisialta ar an leas a bhain sé as an aighneas fileata sa dráma Mar a Chéile Muid.
https://doi.org/10.18669/ct.2018.04
Grant Details