nuachainteoirí, tumoideachas, Gaeilge, Irish, new speakers, immersion education
Léiríonn an taighde ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhfuil meath leanúnach ann. Leagtar amach sprioc uaillmhianach i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge líon na gcáinteoirí laethúla Gaeilge a ardú ó 80,000 go 250,000 faoi 2030. Sa chaibidil seo fiosraímid dearcadh agus iompar teanga daltaí gaelscoile agus a dtuismitheoirí féachaint cén ról a d’fhéadfadh a bheith acu cur le líon na nuachainteoirí Gaeilge sa todhchaí. Cuirimid torthaí taighde i láthair bunaithe ar anailís ar cheistneoirí chuig tuismitheoirí (n=1059) agus daltaí (n=370). Dealraíonn sé go bhfuil cumas maith á bhaint amach ag daltaí ach nach bhfuil dóthain deiseanna úsáide acu.