Peer-Reviewed Journal Details
Mandatory Fields
Ó Duibhir, P
2016
Unknown
TEANGA
Foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga i gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí bunscoile [CLIL in initial teacher education courses]
In Press
()
Optional Fields
24
Tá go leor scríofa agus ráite sna meáin le blianta beaga anuas faoi chaighdeán Gaeilge múinteoirí na tíre. Leag an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag an am, Éamon Ó Cuív, an milleán ar na Coláistí Oideachais as an lagú tubaisteach seo ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí (Ní Chiaráin, 2007). Tá tacaíocht áirithe sa taighde do thuairim Uí Cuív faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí cibé rud faoi áit a luíonn an locht. Léirigh dhá thuarascáil taighde go bhfuil thart ar an gceathrú chuid de mhúinteoirí bunscoile ann nach bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu leis an teanga a mhúineadh go héifeachtach (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2007; Harris, Forde, Archer, Nic Fhearaile, & O'Gorman, 2006). Bhí sé le rá ag príomhoidí Gaelscoile agus Gaeltachta freisin go raibh sé deacair orthu teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge sách maith le múineadh ina scoileanna gan trácht ar na sainscileanna a bheith acu a theastaíonn don teagasc trí Ghaeilge (Mac Donnacha, Ní Chualáin, Ní Shéaghdha, & Ní Mhainín, 2005; Máirtín, 2006; Ó Duibhir, 2006). Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo bheartaigh Coláiste Phádraig clár a dhearadh ina múinfí cuid de na hábhair churaclaim trí mheán na Gaeilge do ghrúpa mac léinn ar an gcúrsa Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bunscoile) (DI). Déantar cur síos san alt seo ar fheidhmiú an chúrsa sin agus ar mheastóireacht na mac léinn a ghlac páirt ann ar a éifeacht. Ar an gcéad dul síos déantar iniúchadh ar an gcur chuige a ghlacadh don chúrsa .i. foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga (FCÁT). Ansin tugtar léargas ar an taighde idirnáisiúnta a bhaineann le FCÁT. Leantar ar aghaidh ansin le hiniúchadh ar an taithí le FCÁT in Éirinn agus scrúdaítear na moltaí is déanaí atá déanta ina thaobh. Ina dhiaidh sin déantar cur síos ar chur i bhfeidhm clár amháin FCÁT agus an mheastóireacht a rinne na mic léinn air. Ar deireadh déantar tátal ar na himpleachtaí atá ag an staidéar seo do chláir FCÁT in oideachas tosaigh múinteoirí sa todhchaí.
Dublin
http://www.iraal.ie/uploads/1/3/5/8/13582401/teanga.24.7_oduibhir.pdf
http://www.iraal.ie/uploads/1/3/5/8/13582401/teanga.24.7_oduibhir.pdf
Grant Details