education, Irish, Gaeilge, straitéis, oideachas, Gaeilge
In earnálacha ar leith Gaeilge cuireadh fáilte roimh an Straitéis 20 Bliain don
Ghaeilge (SG 2010 feasta) agus ní nach ionadh léiríodh spéis sna moltaí a
bhaineann leis an gcóras oideachais ar cuid shuntasach den Straitéis iad.
Tráchtadh freisin ar fhorás pholasaí an Stáit maidir leis an nGaeilge agus leis
an riachtanas bonn ní ba straitéisí a chur faoi iarrachtaí pleanála teanga. Is léir
go bhfuil práinn leis an gcur chuige seo i bhfianaise thorthaí SCT agus
thorthaí na saothar taighde eile a rinneadh ar theagasc agus ar fhoghlaim na
Gaeilge, ar nós Harris et al. (2006) agus An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
(2007a, 2007b). Dar ndóigh, ní mór tátal agus moltaí na Straitéise a thomhas
i bhfianaise na tairbhe a dhéanfaidh siad maidir leis na dúshláin a aithníodh
sna saothair thaighde sin.
Díreofar san alt seo ar chuspóirí na Straitéise agus ar ról an chórais
oideachais ina mbaint amach. Déanfar cur síos ar dtús ar chuid den taighde
ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge in Éirinn agus ar na láidreachtaí
agus na laigí atá aitheanta sa chóras ann. Cíorfar moltaí oideachais na
Straitéise ansin agus déanfar breithiúnas orthu i gcomhthéacs an taighde chomhaimseartha. Dar ndóigh, tagann réimsí uile an tsaoil i gceist i straitéis teanga agus ní fheidhmíonn an córas oideachais beag beann ar na réimsí eile.
Déanfar cúram faoi leith san alt d’oiriúnacht na moltaí do phobail labhartha
na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Lenoach, C., Ó Giollagáin, C. & Ó Curnáin, B.