curriculum, transfer, language skills, curaclam, traschur, scileanna teanga
Tá Curaclam Teanga na Bunscoile (2015)
bunaithe ar phrionsabal an chomhtháthaithe.
Pléitear san alt seo an chaoi
gur féidir scileanna teanga a mhúineadh
i mbealach níos éifeachtaí má chaitheann
múinteoirí am ag cabhrú leis na páistí na
scileanna atá foghlamtha i dteanga amháin
a thraschur go teanga eile. Má dhéantar é
seo go héifeachtach beidh páistí ag foghlaim
an dara teanga agus san am céanna ag
foghlaim conas teangacha a fhoghlaim.
Cabhróidh sé seo leo an tríú agus an
cheathrú teanga a fhoghlaim sa todhchaí.