Edited Book Details
Mandatory Fields
Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin agus Regina Uí Chollatáin, eagarthóirí.
2016
Unknown
Litríocht na Gaeilge ar fud an domhain. Imleabhar I: cruthú, caomhnú agus athbheochan
Leabhair COMHAR
Baile Átha Cliath
Published
1
Optional Fields
Ó breacadh an dán ‘Messe ocus Pangur Bán’ sa naoú haois i lámhscríbhinn atá anois i mainistir Naomh Pól in Unterdrauberg i Carinthia (Kärnten, i ndeisceart na hOstaire), tá gnéithe de litríocht na Gaeilge á saothrú i gcomhthéacsanna éagsúla taobh amuigh d’oileán na hÉireann. Cad é an gaol idir scéalta taistil agus imirce na nGael agus cumadh, caomhnú agus seachadadh an léinn agus na litríochta ag tréimhsí éagsúla i stair chultúrtha na tíre? Cad iad na meáin agus na próisis chultúrtha a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Gaeilge i gcomhthéacs diaspórach? Cad iad na seánraí nua a tháinig chun cinn agus cén ról a bhí ag pobail agus ag gréasáin thrasnáisiúnta i bhforbairt na litríochta in Éirinn féin? Cé chomh tábhachtach is atá an toise idirnáisiúnta do shaothrú an léinn agus na litríochta sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann? Cad é ról na teicneolaíochta digití i gcothú scríbhneoireacht, léitheoireacht agus scoláireacht na Gaeilge i gcomhthéacs domhanda? Tá 26 aiste sa dá imleabhar seo, scríofa ag scoláirí aitheanta agus ag scoláirí nua na Gaeilge, a théann i ngleic le ceisteanna agus comhthéacsanna idirnáisiúnta na Gaeilge le míle bliain anuas. Cuireann an dá imleabhar bonn nua faoin taighde sa ghort bisiúil ilghnéitheach seo.
978-0-9927313-3-5
1
Grant Details